SunFlare Co., Ltd.

Global Interface & Solutions

Tá cuntas teiste maith cruthaithe ag SunFlare mar ghníomhaireacht aistriúcháin le fada an lá, agus táimid tiomanta i gcónaí do bheith mar chomhpháirtí intleachtúil iontaofa dár gcustaiméirí.
Cuirimid seirbhísí cuimsitheacha ar fáil atá curtha in oiriúint do riachtanais doiciméadúcháin chuideachtaí atá ag saothrú i ngach aon réimse gnó.
Is féidir linn na réitigh is fearr a chur ar fáil dár gcliaint trí na dúshláin a bhaineann le cúrsaí doiciméadúcháin a shainaithint agus a réiteach go tapa agus go beacht.

Teastas ISO 27001 agus ISO 9001

Bíonn riachtanais éagsúla ag ár gcliaint ó thaobh doiciméadúcháin de. Cloímid le réimse córas bainistíochta idirnáisiúnta éagsúil lena chinntiú go bhfuil creat láidir againn chun sonraí ár gcliant a ghlacadh agus a sheachadadh agus lena chinntiú gur féidir linn an leibhéal cáilíochta is airde a chur ar fáil.

Tá taithí againn in éagsúlacht mhór tionscal, gnó agus réimsí

Lena chinntiú gur comhpháirtí iontaofa gnó atá ionainn i gcónaí, bíonn ár saineolaithe tionscail agus ár sainfhoirne réimse ag tarraingt le chéile chun na réitigh is fearr a chur ar fáil dár gcliaint ar na dúshláin a bhíonn rompu.

Inniúlacht i mbreis is 90 teanga

Dá dteastódh ó chuideachta a cuid gnó a fhorbairt i gcomhthéacs domhanda ina haonair, ba ghá di a bheith eolach ar theangacha agus ar chultúir a spriocthíortha go léir. Is léir nach cur chuige róphraiticiúil é sin i leith an ghnó. Tá saineolaithe i mbreis is 90 teanga againn anseo i SunFlare, áfach, agus tá an-chur amach acu sin freisin ar chultúr na náiteanna sin ina mbíonn na teangacha in úsáid. Cuireann siad tacaíocht spriocdhírithe thráthúil ar fáil dár gcliaint chun go néireodh leo mar ghnóthais dhomhanda. Tá eolas fairsing ag ár saineolaithe ar réimsí ar leith, mar aon le scileanna teanga den chéad scoth. Cuireann sé sin ar ár gcumas seirbhísí ardchaighdeáin tráthúla a chur ar fáil maidir le doiciméid a bhfuil leibhéal ard saineolais de dhíth orthu amhail doiciméid dlí, ailt d’irisí, agus feidhmeanna rialála.

Próifíl chorparáideach

Ainm corpraithe

SunFlare Co., Ltd.

Bunaithe

1 Lúnasa 1971

Seoladh

Príomh-Oifig i dTóiceo:
Shinjuku Hirose Bldg., 4-7 Yotsuya, Shinjuku-ku,
Tóiceo 160-0004, an tSeapáin

Stiúrthóir sinsearach

Hiroyuki Sasai

Réimsí gnó

Doiciméadúchán

  • Aistriúchán
  • Logánú
  • Scríbhneoireacht (theicniúil agus leighis)
  • Seirbhísí cruthaitheacha (dearadh, foilsitheoireacht deisce, gréasán agus físeáin)

Comhairliúchán

  • Comhairliúchán ó thaobh doiciméadúcháin de
  • Taighde (dlíthe, rialacháin, caighdeáin agus paitinní)
  • Tacaíocht maidir le hiarratais a dhéanamh agus a chomhdú (paitinní, cúrsaí rialála, agus feistí leighis)

Oideachas agus oiliúint

  • Acadamh SunFlare
  • Scrúdú Cáilithe d’Aistritheoirí (TQE)
  • Oiliúint chorparáideach
  • Seimineáir (paitinní agus feistí leighis)

Deimhniúchán

ISO 27001, ISO 9001, ISO 17100 agus Marc Príobháideachta (JIPDEC)
Ceadúnas mar Shealbhóir Údaráis Margaíochta Chineál II le haghaidh Feistí Leighis

Back to Top